Skip to main content
Strategic Plan

Clár Peile Sóisialta

Clár Peile Sóisialta

Grúpa buachaillí ag imirt sacar ar pháirc astro lasmuigh. Tá roinnt imreoirí ag caitheamh bibí oráiste agus iad ag cosaint agus ag druiliú, agus imreoirí eile ag breathnú agus ag gluaiseacht timpeall na páirce. Tá buachaill i gculaith dhubh ag smachtú an liathróid agus imreoir eile i mbib oráiste ag iarraidh an liathróid a bhaint uaidh. Tá fál, carranna páirceáilte agus rannpháirtithe eile sa chúlra. Léiríonn an íomhá gníomhaíocht fhisiciúil, forbairt scileanna agus obair foirne i mbun imeartha.

Is togra comhoibríoch é an Clár Peile Sóisialta le Cathracha Gníomhacha (Active Cities) i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí óige áitiúla ar fud Chontae Bhaile Átha Cliath Theas. Dearadh an clár seo chun bealach réchúiseach, taitneamhach a thabhairt do dhaoine le bheith gníomhach, gan brú an chomórtais nó na feidhmíochta. Díríonn sé ar thimpeallacht spraíúil, ionchuimsitheach, thacúil a chruthú inar féidir le gach duine páirt a ghlacadh, beag beann ar a leibhéal scile.

Tugtar réimse grúpaí pobail áitiúla le chéile sa chlár seo, ina measc sin Connect 4, Ionad Pobail Bhaile Adaim, agus Cross Care Bhaile Uí Rónáin, chun seisiúin pheile shóisialta a sholáthar do dhaoine óga gach seachtain. Freastalaíonn breis is 140 rannpháirtí ar na seisiúin gach seachtain, le thart ar 80 duine óg ag freastal ar an seisiúin i dTamhlacht amháin. Is deis iontach iad na seisiúin seo do dhaoine óga bualadh le cairde nua, feabhas a chur ar a gcorpacmhainn, agus páirt a ghlacadh san aclaíocht i suíomh ísealbhrú.

Mar aon leis na seisiúin sheachtainiúla, tá áthas orainn pleananna a fhógairt do Chomórtas Peile Sóisialta (Social Football Tournament) ag deireadh an tsamhraidh. Tabharfaidh an t-imeacht seo foirne fud fad an chontae le chéile chun dul in iomaíocht i gcomórtas dúshláin, neamhiomaíoch, ag déanamh ceiliúradh ar dhea-thionchar na peile sóisialta agus na rannpháirtíochta pobail. Bealach iontach a bheidh sa chomórtas chun clabhsúr a chur ar an gclár don bhliain, agus beidh deis ag na rannpháirtithe a gcuid scileanna a léiriú, taithí a fháil ar chomrádaíocht na spórt foirne, agus an rud is tábhachtaí, spraoi a bheith acu!

Tá Baile Átha Cliath Theas Gníomhach tiomanta do dheiseanna a thabhairt do dhaoine óga a bheith gníomhach ina bpobail. Leis an gClár Peile Sóisialta, tá sé mar aidhm againn an ghníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn, naisc a thógáil, agus timpeallacht dhearfach a chruthú inar féidir le daoine óga a bheith sláintiúil, gníomhach, agus rannpháirteach. Táimid ag súil le rath agus fás leanúnach an chláir seo a fheiceáil, agus tá fáilte roimh níos mó daoine óga páirt a ghlacadh ann agus sult a bhaint as buntáistí na peile i suíomh sóisialta, réchúiseach.